← Bheadh an ócáid iontach á ceiliúradh acu i gceann seachtaine. 🔊✎
← Bhí an teaghlach ar fad ag tnúth leis. 🔊✎
← a dúirt Cú, an mac ab óige. 🔊
← "Beidh sé cool," arsa Ruán, an mac ba shine. 🔊✎
← Níor chreid sé go mbeadh an chóisir cool, chreid sé go mbeadh sé crap. 🔊✎
← Ach bhí sé de nós aige an rud a bhí a mháthair ag iarraidh a chloisint a rá léi. 🔊✎
← Bhí an nós sin ag gach duine. 🔊✎
← Bhí a fhios aici go mbeadh an ceiliúradh go haoibhinn, an fhéile caithréimeach, mar ba chóir di a bheith. 🔊✎
← Ag obair i siopa a bhí sé ag an am. 🔊✎
← Maidir leis an gcóisir féin, bhí gach rud idir lámha aici - bhí sí tar éis gloiní agus fíon a chur ar ordú sa siopa fíona; bhí an reoiteoir lán le pióga agus ispíní agus bradán agus arán lámhdhéanta den uile short. 🔊✎
← Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici - is féidir é seo a dhéanamh, ní thuigfeadh a lán daoine é ach thuig Lisín, b'in an saghas í - agus bhí an ceann sin líonta freisin, le rudaí deasa le hithe. 🔊✎
← Dá mbeadh an lá go breá bheadh an chóisir acu amuigh sa ghairdín, agus bhí boird agus cathaoireacha le fáil ar iasacht aici ó na comharsana. 🔊✎
← Agus mura mbeadh an lá go breá bhí an teach mór go leor do na haíonna ar fad. 🔊✎
← Bhí an teach i gcónaí néata agus álainn, agus ag an am céanna bhí sí féin néata agus álainn. 🔊✎
← "Ní chreidfeá go raibh do mháthair pósta le fiche bliain," a dúirt an tUasal Mac Gabhann, duine de na comharsana, le Ruán, nuair a tháinig sé go dtí an doras lá amháin chun glacadh leis an gcuireadh chuig an gcóisir. 🔊✎
← Tá an chuma uirthi gur cailín óg í." 🔊
← Bhí an chuma ar Lisín go raibh sí ina hógbhean fós. 🔊✎
← Bhuel, bhí an saghas sin gruaige ar na máithreacha go léir ar an mbóthar seo, Ascaill na Fuinseoige. 🔊✎
← Ach ní raibh gruaig liath ar bhean ar bith, agus rud ab iontaí fós ná sin ní raibh ach bean amháin dorcha ar an mbóthar - Eibhlín, máthair Emma Ní Loingsigh. 🔊✎
← Ní raibh a fhios ag aon duine conas a d'éirigh léi teach a fháil ar an mbóthar. 🔊✎
← Bhí na mná eile go léir fionn, agus dathúil agus faiseanta, b'in mar a bhí, bhí caighdeán ard ar an mbóthar maidir leis na cúrsaí seo, ní bheadh sé de mhisneach ag bean ar bith dul amach gan smidiú ar a haghaidh, agus éadaí deasa uirthi. 🔊✎
← Fiú amháin agus iad ag rith amach leis an mbruscar bhíodh gúnaí oíche deasa orthu, agus an ghruaig cíortha go néata acu, ionas go dtuigfeadh na fir a bhailigh an bruscar gur daoine deasa iad, cé nár éirigh siad in am don bhailiúchán uaireanta. 🔊✎
← Níor thuig sé cén fáth gur chuir sí lagmhisneach air an t-am ar fad, nuair nár thug sí dó ach moladh. 🔊✎
← Dhún sé an doras, cuibheasach tapa. 🔊✎
← Fiú amháin agus é ag caint ag an doras bhí na súile sin ag stánadh ar Ruán, agus an chuma orthu go raibh x-ghathú á dhéanamh acu ar a raibh laistigh dá intinn agus ina chroí. 🔊✎
← Bean thanaí, dhathúil, ghealgháireach, bean tí iontach, agus ag an am céanna bhí a lán rudaí eile ar siúl ag Lisín. 🔊✎
← Bhí ag éirí go sármhaith le Pól; bhí sé ina léachtóir san ollscoil, i gcúrsaí gnó, ach ní sa chomhthéacs sin a rinne sé a chuid airgid, ach ag ceannach stoc ar an idirlíon. 🔊✎
← Bhí sé eolach agus cliste agus ciallmhar, agus bhí raidhse mór airgid aige um an dtaca seo, agus é go léir infheistithe sa chaoi is nach raibh air mórán cánach a íoc. 🔊✎